Mac an Cheannaí

le hAogán Ó Rathaile (c. 1675-1729)

Aisling ghéar do dhearcas féin
ar leaba 's mé go lagbhríoch
an ainnir shéimh darbh ainm Éire
ag teacht im ghaor ar marcaíocht,
a súile glas, a cúl tiubh casta,
a com ba gheal 's a mailí,
dá mhaíomh go raibh ag tíocht 'na gar
a díogras, Mac an Cheannaí

A beol ba bhinn, a glór ba chaoin,
is ró-shearc linn an cailín,
céile Bhriain dár ghéill an Fhiann,
mo léirchreach dhian a haicíd:
fá shúistibh Gall dá brú go teann,
mo chúileann tseang 's mo bhean ghaoil;
beidh sí 'na spreas, an rí-bhean deas,
go bhfillfidh Mac an Cheannaí.

Na céadta tá i bpéin dá grá,
le géarshearc shámh dá cneas mhín,
clanna ríthe, maca Míle,
dragain fhíochta is gaiscígh;
gnúis ná gnaoi ní mhúsclann sí
cé dubhach fá scíos an cailín -
níl faoiseamh seal le tíocht 'na gar
go bhfillfidh Mac an Cheannaí.

A ráite féin, is cráite an scéal,
mo lánchreach chlé do lag sinn,
go bhfuil sí gan cheol ag caoi na ndeor,
's a buíon gan treoir gan maithghníomh,
gan fiach gan feoil, i bpian go mór,
'na hiarsma fó gach madaí,
cnaoite lag ag caoi na ndearc
go bhfillfidh Mac an Cheannaí.

Adúirt arís an bhúidhbhean mhíonla
ó turnadh ríthe 'chleacht sí,
Conn is Art ba lonnmhar reacht,
ba foghlach glac i ngleacaíocht,
Críomhthainn tréan tar toinn tug géill
is Luighdheach mac Céin an fear groí,
go mbeadh sí 'na spreas gan luí le fear
go bhfillfeadh Mac an Cheannaí.

Do-bheir súil ó dheas gach lá fá seach
ar thráigh na mbarc an cailín
is súil deas-soir go dlúth tar muir,
mo chumha anois a haicíd,
a súile siar ag súil le Dia,
tar tonntaibh fiara gainmhe;
cloíte lag beidh sí gan phreab
go bhfillfidh Mac an Cheannaí.

A bráithre breaca táid tar lear,
na táinte shearc an cailín;
níl fleadh le fail, níl gean ná grá
ag neach dá cairdibh, admhaím;
a gruanna fliuch, gan suan gan sult,
fá ghruaim is dubh a n-aibíd,
's go mbeidh sí 'na spreas gan luí le fear
go bhfillfidh Mac an Cheannaí.

Adúrtsa léi ar chlos na scéal,
i rún gur éag do chleacht sí,
thuas sa Spáinn go bhfuair an bás -
's nár thrua le cách a ceasnaí?
ar chlos mo ghotha i bhfogas di
chorraigh a cruth 's do scread sí
is d'éalaigh an t-anam d'aonphreib aisti -
mo léansa an bhean go neamhbhríoch.

 

Ceisteanna

  1. Déan taighde ar chúlra na nAislingí. Cén fáth go mbaintear úsáid as íomhá na spéirmhná sna hAislingí seo?
  2. Déan cur síos ar Éirinn fé mar a léirítear í sa chéad agus sa dara véarsa. Déan tagairt do línte ón dán i do fhreagra.
  3. An bhfuil cosúlachtaí nó difríochtaí idir íomhá na spéirmhná agus íomhá na mná idéalaíche sa lá atá inniu ann?
  4. Cén fáth go raibh an spéirbhean sa dán seo faoi bhrón?
  5. An bhfaighimid íomhá de bhean neamhspléach nó d'íobartach sa dán seo, nó an bhfuil an dá ghné seo ag baint lena pearsanacht? An cheist sin a phlé ag tagairt do línte ón dán.
  6. An dtaithníonn an dán seo leat? Cuir fáth le do fhreagra.
  7. Cad é an mothúchán is láidre sa dán? Cuir fáth le do fhreagra. Déan tagairt do línte ón dán.
  8. Léigh Aisling eile. Cad é an dífríocht is mó agus an chosúlacht is mó atá idir an dá Aisling?
contents index