Sliocht as

Caoineadh Airt Uí Laoghaire

le

hEibhlín Dhubh Ní Chonaill

Mo ghrá go daingean tu!
Lá dá bhfaca thu
ag ceann tí an mhargaidh,
thug mo shúil aire dhuit,
thug mo chroí taitneamh duit,
d'éalaíos óm charaid leat
i bhfad ó bhaile leat.

Is domhsa nárbh aithreach:
chuiris parlús á ghealadh dhom,
rúmanna á mbreacadh dhom,
bácús á dheargadh dhom,
brící á gceapadh dhom,
rósta ar bhearaibh dhom,
mairt á leagadh dhom;
codladh i gclúmh lachan dom
go dtíodh an t-eadartha
nó thairis dá dtaitneadh liom.

Mo chara go daingean tu!
is cuimhin lem aigne
an lá breá earraigh úd
gur bhreá thíodh hata dhuit
faoi bhanda óir tarraingthe;
claíomh cinn airgid,
lámh dheas chalma,
rompsáil bhagarthach -
fír-chritheagla
ar námhaid chealgach -
tú i gcóir chun falaracht
is each caol ceannann fút.
D'umhlaídís Sasanaigh
síos go talamh duit,
is ní ar mhaithe leat
ach le haon-chorp eagla,
cé gur leo a cailleadh tú
a mhuirnín mh'anama.

Mo chara thu go daingean!
is nuair thiocfaidh chugham abhaile
Conchúr beag an cheana
is Fear Ó Laoghaire, an leanbh,
fiafróid díom to tapaidh
cár fhágas féin a n-athair.
'Neosad dóibh faoi mhairg
gur fhágas i gCill na Martar.
Glaofaid siad ar a n-athair,
is ní bheidh sé acu le freagairt.

Mo chara thu go daingean!
is níor chreideas riamh dod mharbh
gur tháinig chugham do chapall
is a srianta léi go talamh,
is fuil do chroí ar a leacain
siar go t'iallait ghreanta
mar a mbítheá id shuí 's id sheasamh.
Thugas léim go tairsigh,
an dara léim go geata,
an tríú léim ar do chapall.

Do bhuaileas go luath mo bhasa
is do bhaineas as na reathaibh
chomh maith is bhí sé agam,
go bhfuaras romham tu marbh
cois toirín ísil aitinn,
gan Pápa gan easpag,
gan cléireach gan sagart
do léifeadh ort an tsailm,
ach seanbhean chríonna chaite
do leath ort binn dá fallaing -
do chuid fola leat 'na sraithibh;
is níor fhanas le hí ghlanadh
ach í ól suas lem basaibh.

Mo ghrá thu go daingean!
is éirigh suas id sheasamh
is tar liom féin abhaile,
go gcuirfeam mairt á leagadh,
go nglaofam ar chóisir fhairsing,
go mbeidh againn ceol á spreagadh,
go gcóireod duitse leaba
faoi bhairlíní geala,
faoi chuilteanna breátha breaca,
a bhainfidh asat allas
in ionad an fhuachta a ghlacais.

Mo chara thu is mo shearc-mhaoin!
Is gránna an chóir a chur ar ghaiscíoch
comhra agus caipín,
ar mharcach an dea-chroí
a bhíodh ag iascaireacht ar ghlaisíbh
agus ag ól ar hallaíbh
i bhfarradh mná na ngeal-chíoch.
Mo mhíle mearaí
mar a chailleas do thaithí.

Greadadh chughat is díth
a Mhorris ghránna an fhill!
a bhain díom fear mo thí,
athair mo leanbh gan aois:
dís acu ag siúl an tí,
's an tríú duine acu istigh im chlí,
agus is dócha ná cuirfead díom.

Mo chara thu is mo thaitneamh!
Nuair ghabhais amach an geata
d'fhillis ar ais go tapaidh,
do phógais do dhís leanbh,
do phógais mise ar bharra baise.
Dúraís, 'A Eibhlín, éirigh id sheasamh
agus cuir do ghnó chun taisce
go luaimneach is go tapaidh.
Táimse ag fágáil an bhaile,
is ní móide go deo go gcasfainn.'
Níor dheineas dá chaint ach magadh,
mar bhíodh á rá liom go minic cheana.

Mo chara thú is mo chuid!
A mharcaigh an chlaímh ghil,
éirigh suas anois,
cuir ort do chulaith
éadaigh uasail ghlain,
cuir ort do bhéabhar dubh,
tarraing do lámhainní umat.
Siúd í in airde t'fhuip;
sin í do láir amuigh.
Buail-se an bóthar caol úd soir
mar a maolóidh romhat na toir
mar a gcaolóidh romhat an sruth,
mar a n-umhlóidh romhat mná is fir,
má tá a mbéasa féin acu -
's is baolach liomsa ná fuil anois.

Mo ghrá thu agus mo rún!
Tá do stácaí ar a mbonn,
tá do bha buí á gcrú;
is ar mo chroí atá do chumha
ná leigheasfadh Cúige Mumhan
ná Gaibhne Oileáin na bhFionn.
Go dtiocfaidh Art Ó Laoghaire chugham
ní scaipfidh ar mo chumha
atá i lár mo chroí á bhrú,
dúnta suas go dlúth
mar a bheadh glas a bheadh ar thrúnc
's go raghadh an eochair amú.

A mhná so amach ag gol
stadaidh ar bhur gcois
go nglaofaidh Art Mhac Conchúir deoch
agus tuilleadh thar cheann na mbocht,
sula dtéann isteach don scoil -
ní ag foghlaim léinn ná port,
ach ag iompar cré agus cloch.

Ceisteanna

  1. Cad a fhoghlaimímid mar gheall ar shaol sóisialta na hÉireann san ochtú céad déag?
  2. Cén éachtaint a fhaighimid ar chúrsaí polaitíochta in Éirinn san ochtú céad déag?
  3. Cén t-eolas a fhaighimid ón sliocht seo den dán mar gheall ar phearsanacht Eibhlín féin? Déan trí phointe.
  4. Tarraing peann-phictiúr d'Art féin bunaithe ar an eolas a fhaighimid sa dán.
  5. Cén saghas duine ab ea Art, ón eolas a fhaighimid sa sliocht seo den dán?
  6. Cén saghas saol clainne a bhí ag Art agus ag Eibhlín, an dóigh leat? Déan trí phointe.
  7. Cad é an mothúchán is treise sa sliocht seo? Léirigh do fhreagra le tagairtí do línte ón dán.
  8. Cad iad na mothúcháin eile atá le brath sa dán? Léirigh do fhreagra le tagairtí don dán féin.
  9. Cad é an chuid den dán seo is mó a théann í bhfeidhm ort? Cuir fáth le do fhreagra.
  10. An dóigh leat go bfhuil aon athrú mórán tagtha ar nádúr an duine ó aimsir Eibhlín? Cuir fáth le do fhreagra.
  11. An gcuireann an dán seo aon dán, nó amhrán nua-aimseartha i gcuimhne duit?

Gníomhaíochtaí

  1. Cum litir chomhbhróin a chuirfeá go dtí Eibhlín.
  2. Scríobh dráma gearr bunaithe ar an sliocht as an dán agus léirigh don rang é.
contents index