'AR AIMSIR' I MEIRICEÁ, 1926-1928

Bhíos ag lorg oibre i gceann cúpla lá. Fuaireas obair i dteannta mo dheirféar Máire ag tabhairt aire do chailín beag a bhí trí bliana d'aois. Níor mhaith liom a bheith ag obair dóibh. Ní raibh aon mheas ar na cailíní acu. Do cheapadar go rabhadar go hard os ár gcionn. Ní rabhas i bhfad ag obair ann nuair a fuair mo dheirfiúr seachtain saoire agus chaitheas a bheith ag obair sa chistin agus ag tabhairt aire don gcailín beag.

An chéad lá sa chistin agam bhí bean an tí leis ann agus í ag taispeáint dom conas rudaí a dhéanamh. An chéad rud a dúirt sí , 'Get me the spider,' ach do bhí fhios agam nach damhán alla a bhí uaithi. Do bhíos ag casadh timpeall ach do thaispeáin sí féin dom é. Cad a bhí uaithi ná mias chun róstadh. Bhí ár gcuid áraistí féin againne sa chistin agus ní raibh aon bhaint againn lena gcuid sin ach iad a chur ar an mbord chucu agus iad a ní ina ndiaidh. Bhí bord speisialta acu féin agus cloigín faoin mbord chun glaoch orainn nuair a bheadh éinní uathu.

An chéad mhaidean a bhíos ag teindeáil ar fhear an tí, bhí seomra beag acu chun bricfeast. Bhí na slisní bagúin róstaithe agam agus an phraiseach min choirce ullamh agus súlach óráiste ar an mbord. Nuair a bhí an súlach óráiste ólta aige chroith sé an cloigín. Do ritheas isteach agus ní raibh faic agam.

'Bring me the cereal,' ar sise.

Ritheas isteach dhon chistin agus thugas na slisní bagúin chuige.

'I want the oatmeal,' ar seisean.

Isteach sa chistin arís liom leis na slisní bagúin chun iad a choimeád te agus thugas an mhin choirce chuige. Nuair a bhí san ite aige chroith sé an cloigín arís. Thugas chuige an caifé, arán agus na slisní bagúin agus bhí sé sásta go leor agus bhíos-sa sásta leis go raibh an méid sin tharam.

Bhí an cailín beag sa chistin lá agus bhí tart uirthi. Duirt sí liom braon uisce a thabhairt di. Do bheireas ar chupa linn féin a bhí sa chistin. Thugas braon uisce di ann. Bhí sí á ól nuair a tháinig bean an tí isteach sa chistin. Do rith sí chun an cupa a bhaint di. Dúirt sí liom gan aon chupa ón gcistin a thabhairt arís di. Do chuir sí iontas orm. Bhí ár gcuid áraistí chomh glan lena gcuid féin. Sé an níochán céanna a bhí á fháil acu.

Nuair a bhídís ag dul amach, do thugaidís an cailín beag leo agus mise ina teannta. Ní bhínn istigh liom féin in aon chor. Do bhíodh eagla orm a bheith ag caint leis an leanbh os a gcomhair. Thugaidís isteach i siopa sinn. Bhímis suite síos ag ithe uachtar reoite agus ní bhíodh sé ró-mhór ag dul síos liomsa. An chéad lá a bhíos amuigh ina dteannta nuair a thánamair abhaile bhíomair isteach i dteannta a chéile chomh fada leis an ndoras agus níor mhaith leo mise a bheith ag teacht isteach an doras céanna leo féin. Dúirt sí liom dul timpeall go dtí doras na cistiní. Bhíos ar nós madra acu, do cheapadar gur mhór ní's fiú iad. Níor fhanas acu ach go deireadh an tsamhraidh.

Bhí deirfiur eile ag an mbean seo. Bhí sí díreach chomh holc. Bhí mo dheirfiúr Nóra ag obair di. Bhí gadhar acu agus ní raibh aon rud maith a dhóthain dó. Bhíos-sa sa tigh lá agus bhí súp socair dó agus bhí sé ana-the. Do shéid Nóra lena hanál é chun é a fhuaradh. Bhí bean an tí sa chistin san am céanna agus chonaic sí Nóra ag séideadh. Thóg sí an t-áras ó Nóra agus d'iompaigh sí síos sa dabhach é agus a bhéal faoi. Is dócha go raibh eagla uirthi go bhfaigheadh an gadhar aicíd óna hanál.

Neilí Uí Bheaglaoich, Carraig a'Dúin.

Ceisteanna

  1. Cén saghas caidrimh a bhí idir Neilí agus fear an tí. Cuir fáth le do fhreagra.
  2. Léigh an t-alt 'Bhí an cailín beag sa chistin lá ... 'Sé an níochán céanna a bhí á fháil acu.' Cad é do thuairim faoin eachtra sin?
  3. 'Bhíos ar nós madra acu, do cheapadar gur mhór ní's fíu iad.' Cén fáth go ndúirt an t-údar é sin?
  4. Cén saghas caidrimh a bhí idir Neilí agus bean an tí. Cuir fáth le do fhreagra.
  5. Lig ort gur tusa Neilí nó Nóra. Conas a bhraithfeá dá mbeifeá ina n-áit? Cád a dhéanfá?
  6. An dóigh leat go dtarlódh a leithéid d'eachtraí san ionad oibre sa lá atá inniu ann? Dá dtarlódh cad a dhéanfaí mar gheall air?
  7. An dóigh leat go raibh na suíomhanna atá luaite sa sliocht seo eisceachtúil nó ar tharla a leithéid go minic?
  8. Pioc amach suíomh amháin a chuaigh í bhfeidhm go mór ort agus tarraing pictiúr de.
  9. An bhfuil aithne agat féin ar aon duine a bhí in aimsir i Meiriceá? Cuir ceist air/uirthi faoina gcoinníollacha oibre.
  10. Cum dráma beag bunaithe ar an sliocht seo agus léirigh don rang é.
contents index