An chéad uair in aimsir
Nuair a bhí mo chuid éadaigh orm do níos mo lámha agus m'aghaidh. Ní raibh aon bhia ite agam, ach ba chuma san. Níorbh é sin an chéad uair agam ag dul ar scoil im throscadh. Nuair a bhíos ullamh rugas ar mo mháilín leabhar agus bhuaileas an bóthar síos. Bhíos in am agus ní raibh ann ach san mar bhí an rolla dá ghlaoch. Thug an máistir stracfhéachaint orm ach níor labhair sé focal.
I gceann uair a chloig ina dhiaidh sin do baineadh an laiste den ndoras is cé bhuailfeadh isteach ach m'athair. Bhí 'fhios agam go maith anois go raibh an t-am tagaithe is d'fháisc fuarallas tríom amach. Bhí deireadh le scoil feasta agam.
Chuaigh sé chun cainte leis an máistir. Tar éis tamaill tháinig an máistir chúm i leith.
'Tá t'athair ag glaoch ort,' ar seisean go cneasta. 'Slán leat, a chailín!'
Ní fhéadfainn focal a rá. Bhí an iomad uaignis orm. Do bhuail m'athair amach agus do leanas é. Ní bréag a rá go raibh cnap im scornaigh ag dul abhaile. Chomh luath is chuas isteach - 'Cuir ort do bhalcaisí anois,' arsa m'athair.
'Fan go n-íosfaidh mé blúire ach go háirithe,' arsa mise.
D'itheas beagán bídh is ansan do chuireas orm mo bhalcaisí glana. Rugas ar mo bhrat is d'fhéachas suas i dtreo an chúinne ar mo mháthair. Bhí sí ina cnóisín suite cois na tine agus í ag sileadh na ndeor go bog. Do ritheas chúichi agus chuireas mo dhá láimh timpeall ar a muineál. B'éigean do m'athair teacht agus mé a ardú leis ...
An saol nua
Do bhuaileamair an cóngar thar cnoc soir is an Clasach síos, an bóthar san nár ghaibheas-sa riamh roimis sin ann ach lá na ráiseanna ... Ach fé dheireadh do shroicheamair an Daingean. Ach, mo mhíle mairg, sin é an áit gur tháinig an t-ionadh ormsa. Tithe móra arda ar gach taobh díom, daoine ag imeacht tharana chéile sall is anall is gan aon tuiscint agamsa ar a gcaint. Bhí an dá shúil ag dul amach as mo cheann le scanradh ... Bhí an tigh a bhí uainn bainte amach fén am so againn. Seo isteach le m'athair romham agus mise ina dhiaidh.
'Dé bhur mbeatha!' arsa bean an tí. 'Tánn sibh tagaithe.'
'Táimíd, a Neil,' arsa m'athair.
'Seo libh isteach 'on chistin,' ar sise.
Bhuail sí féin isteach romhainn.
'Ná bíodh aon támáilt ort, a chailín,' ar sise liomsa. 'Ní bheidh aon cheal anso ort.'
Dhein sí an tae is do buaileadh chúinn arán bán agus subh. Mise á rá leat gur bhaineas cnagarnach as, mar bhí ocras mo dhóthain orm.
'Glansa na cupáin agus na sásair anois, a Mháiréad,' ar sise liomsa.
Nuair a bhíodar crochta ar an ndriosúr agam - 'Beir ar an scuaib agus scuab an chistin,' ar sise.
A dhuine na n-árann, ní fheacasa a leithéid sin do scuaib roimis sin riamh, mar is amhlaidh a bhíodh scothán fada craoibhe nó fraoigh go mbíodh gad casta air mar scuaib againn sa bhaile. Ach do dheineas mo dhícheall ... Bean fhial fháilteach mhánla ab ea í, agus do bhí Séamas, a fear céile, gach aon phioc chomh maith léi ... Do bhí siopa mór gnótha acu agus tarrac na dúthaí air ... Tar éis tamaill den dtráthnóna a bheith caite, d'éirigh m'athair ina sheasamh.
'Tá sé chomh maith agamsa a bheith ag ciorrú on bhóthair siar,' ar seisean. 'Bíse id chailín mhaith anois,' ag iompú dho orm féin, 'agus ná bíodh aon mhilleán aged mháistreás ort.'
Sin é an uair a bhíos-sa i m'aonar i dtigh iasachta agus gan aithne agam ar éinne, agus, rud ba mheasa ná san, ní raibh aon Bhéarla agam ach focal gan éifeacht.