Laethanta Scoile i gCill Chaitiairn

[Rugadh Máiréad Ní Mhionacháin i nDoire Mhór Thiar, Béarra, Co. Chorcaí sa bhliain 1861. Bhí ochtar eile sa chlann. Chuaigh sí ar scoil timpeall na bliana 1871. Bhí an méid seo le rá aice leis an mbailitheoir Tadhg Ó Murchú sa bhliain 1951 faoina laethanta scoile is gCill Chaitiairn.]

Sé an áit go rabhas-sa chun scoile amuigh i mBaile Chrobháin, age an gCoastguard Station. Díon a bhí ar an scoil go rabhas; ní raibh aon leac air, ní raibh, a stóraigh. Ach deineadh scoil nua i gCill Chaitiairn ansan.

Fad a bhíos-sa ar scoil ní raibh focal Gaelainne á labhairt agam. Máistir a bhí againn i dtosach ár saoil, agus nuair a deineadh an scoil nódh ansan (i gCill Chaitiairn) cuireadh siar ar an Orthan [Oircheann] é. Stephen Mac Carthy ab ea an chéad m(h)áistir a bhí againn. Ó Cheann Feadha (ab ea é).

Is dócha go rabhas deich mbliana sharar dheaghas riamh chun scoile. Bhímís ag foghlaim an Bhéarla sa bhaile - na buachaillí a tháinig romhamsa, bhídís ag foghlaim an Bhéarla.

Ó, bhí mórán acu ag teacht gan dabht, ná raibh aon fhocal Béarla acu ach Béarla briste. Nuair a thagadh cuid acu - cailíní bochta ná bíodh aoinne chun iad a mhúineadh - ach bhíodh an máistreás á gceistiú...

''Nis dom anois,' arsa an máistreás - máistreás stranséartha ab ea í, a bhí ar an hAoraíbh, agus shiúlaíodh sí na' haon lá ós na hAoraíbh go Cill Chaitiairn agus gadhairín in aonacht léi -Tiny. Ní raibh aon Ghaelainn aici gan dabht. Sea. D'fhiarthaigh sí 'on toice seo an chéad lá a tháinig sí chun scoile: 'Cá gcaitheann an fear a hata? An ar a chois nó ar a láimh?'

'On him head,' arsa ise.

Ach an máistir seo ó Cheann Feadha a bhí i mBéal a' Chrobháin, ón lá a chuas isteach sa scoil go dtí an lá a fhág sé é, níor tháinig lá orm ná go dtugadh sé buidéal leathphint dom nuair a bhídís amuigh ar play (na scoláirí eile) - nach aon lá, reigileáltha - chun dul ar na hAoraíbh fé dhéin leathphiúnt fuiscí, agus do bheinn (thar n-ais) ós na hAoraíbh shara dtagadh na scoláirí isteach ó phlay. Ó, im briatharsa pé acu bheadh mo cheacht agam nó ná beadh, ní gheobhainn aon sleap (uaidh). Dhá phigin a thugadh sé dhom gach aon lá as dul a d'iarraidh an fhuiscí.

Idir a naoi agus a deich a chlog a thagaimís ar scoil. An Máistir Ó Duibhir a tháinig go scoil Chill Chaitiairn ina dhiaidh san, níl aon mhaidean sa mbliain, 'á mbeadh sé ag cáitheadh sneachtaidh, ná go dtéadh sé ag snámh i ngóilín a bhí in aice Bhéil a' Chrobháin ar a shlí chun na scoile dho ós na hAoraíbh.

Tadhg Ó Murchú: Ag siúl a bhíodh sé, is dócha?

Máiréad Ní Mhionacháin: Ag siúl gan dabht, agus an mháistreás comh maith. Nach aon mhaidean sa mbliain théadh sé ag snámh sa tráigh seo - Trá Chéim[e]. Théadh sé nach aon mhaidean sa mbliain ar snámh.

Tadhg Ó Murchú: Cad a bhíodh ar siúl agaibh tráthnóna na scoile?

Máiréad Ní Mhionacháin: Píosa aráin agus báisín mine coirce t'réis teacht ó scoil, sa tsamhradh. Imeacht go dtí an cnoc ansan ag féachaint i ndiaidh na n-uan agus iad a chuir isteach go cróitín a bhí déanta de chlocha, sa chnoc - iad a chuir isteach ann ón mada rua. I Leaca na nGearrcach a bhí an cróitín. Bhí leac mhór fhada leathan, agus dheineadar falla beag fúithi sin a chimeádadh na caoire, agus doras air.

Bhíodh caoire trí nó ceathair 'e thitibh istigh ann.

Tadhg Ó Murchú & Máirtín Verling, Béarrach Mná ag Caint: Seanchas Mháiréad Ní Mhionacháin, Cló Iar-Chonnachta, Conamara, 1999. Leathanach 76.

Ceisteanna

  1. Cad a fhaighimid amach ón scéal seo mar gheall ar mheath na Gaeilge ag deireadh an naoú haois déag?
  2. Cén saghas duine ab ea an mháistreás scoile? Cuir fáthanna le do fhreagra.
  3. 'Ach an máistir seo ó Cheann Feadha a bhí i mBéal a'Chrobháin ...' Cad a fhaighimid amach faoin máistir scoile sin ón scéal seo?
  4. Cén caitheamh aimsire a bhí ag an Máistir Ó Duibhir?
  5. Ag cur síos ar imeachtaí an tráthnóna tar éis na scoile, bhí an méid seo le rá ag Mairéad Ní Mhionacháin: 'Imeacht go dtí an cnoc ansan ag féachaint i ndiaidh na n-uan agus iad a chuir isteach ann ón mada rua.' Tarraing pictiúr bunaithe ar an bpíosa sin.
  6. Cad iad na difríochtaí atá idir laethanta scoile le linn óige Mhairéad agus do laethanta bunscoile féin?
  7. Cad iad na difríochtaí atá idir na gnóthaí baile a bhíonn agatsa agus na gnóthaí baile a bhíodh ar siúl ag comhaoiseanna Mhairéad?
  8. Cad é an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm ort sa scéal seo?
  9. Cuir ceist or chara críonna leat féin faoina laethanta bunscoile/meánscoile. Scríobh an scéal agus léigh amach don rang é



    Má's féidir leat agus má thoilíonn do chara críonna leis, cuir ar théip a cuid cuimhní cinn agus seinn don rang é.
  10. Cum dráma gearr bunaithe ar an bpíosa seo agus léirigh don rang é.
  11. An bhfuil aon cheist agat féin?
contents index